Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2012

D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2012.

Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil

  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin

  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu

  • torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.

Tá na caibidlí aonair sa tuarascáil ar fáil thíos

  1. Toradh Airgeadais an Státchiste do 2012

  2. Fiachas Rialtais

  3. Gealltanais Airgeadais faoi Chomhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí

  4. Cuntasaíocht Vótaí

  5. Bainistiú Buiséid Vóta

  6. Socrú Babhtála Talún i Soláthar Tithíochta Inacmhainne

  7. Bainistiú Chóras na bhFógraí Muirear Seasta

  8. Bainistiú Ceamaraí Sábháilteachta Seachfhoinsithe

  9. Tionscadal Tógála Sheirbhís Paiteolaíochta an Stáit

  10. Maoiniú an Rialtais Láir d'Údaráis Áitiúla

  11. Costais Feabhsúcháin Talún

  12. Bainistíocht Conartha i dTionscadail Oideachais CPP

  13. Cúnamh Forbartha Oifigiúil

  14. Iarmhéideanna Airgid Thirim san Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

  15. Ceapacháin Foirne i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann

  16. Caiteachas ar Scéimeanna Leasa agus Fostaíochta

  17. Rialtacht Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh

  18. Fiacha Ró-íocaíochta Leasa

  19. Liúntas Cúraim Baile

  20. Pinsean Easláine

  21. Bainistiú Buiséid i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

  22. Incháilitheacht do Chártaí Leighis

  23. Bailiú Ioncaim

  24. Fiachas na gCoimisinéirí Ioncaim a Bhainistiú

  25. Comhlíonadh Cáiníocóirí

  26. Caillteanais Chánach Corparáide

  27. Socraíochtaí Iniúchta Cánach

  28. Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

  29. Scéim Slánaíochta Cliniciúil